top of page

GAELTACHT NA MÍ

Áiseanna Gaeilge sa Cheantar

An Limistéar Pleanála Teanga

Cuimsíonn Limistéar Pleanála Teanga Ghaeltacht na Mí Ráth Chairn agus Baile Ghib. Bunaíodh Gaeltacht Ráth Chairn i 1935 nuair a d’aistrigh 27 teaghlach as Conamara go Co. na Mí. B’as Ceantar na nOileán formhór na ndaoine a tháinig go Ráth Chairn i 1935, agus i 1937 tháinig 11 teaghlach eile ina ndiaidh. Mar chuid de scéim mhalairte talún, fuair gach teaghlach teach agus feirm agus tógadh scoil náisiúnta, Scoil Uí Ghramhnaigh, le freastal ar an bpobal nua seo. Tá Scoil Náisiúnta Uí Ghramhnaigh fós in úsáid go dtí an lá atá inniu ann (Comharchumann Ráth Chairn, 2016).

Is i 1937 a bunaíodh Gaeltacht Bhaile Ghib, nuair a dáileadh talamh de chuid Choimisiún na Talún ar fheirmeoirí Gaeltachta as Maigh Eo, Ciarraí agus Dún na nGall go príomha (Údarás na Gaeltachta, 2017). 59 teaghlach ar fad a d’aistrigh go Baile Ghib idir 1937 agus 1939 ó na ceantair Ghaeltachta seo a leanas: Corca Dhuibhne agus Uíbh Ráthach i nGaeltacht Chiarraí (21 teaghlach); Tuar Mhic Éadaigh, Béal an Mhuirthead agus Iorras i nGaeltacht Mhaigh Eo (18 dteaghlach); Fánaid agus Gaoth Dobhair i nGaeltacht Dhún na nGall (18 dteaghlach) agus tháinig dhá theaghlach ó Ghaeltacht Chorcaí.

Níor bronnadh stádas oifigiúil Gaeltachta ar Ráth Chairn agus ar Bhaile Ghib go dtí 1967, tar éis feachtas rathúil de chuid Chraobh Chearta Sibhialta na Gaeltachta, Ráth Chairn (Comharchumann Ráth Chairn, 2016).

Príomhstaitisticí ó Dhaonáireamh 2022:

 

Líon na ndaoine os cionn 3 bliana d’aois: 1,989

Líon na ndaoine le cumas sa Ghaeilge: 1,179 (59.2%)

Líon na gcainteoirí laethúla Gaeilge: 276 (13.8%)  

Picture 1.png

An Phleanáil Teanga

Úsáideann Ní Dhúda an téarma ‘pleanáil teanga’ ina saothar ‘chun tagairt do na gníomhaíochtaí a cheaptar chun dul i bhfeidhm ar iompar teanga’. I gcás Ghaeltacht na Mí, baineann an phleanáil teanga leis na hiarrachtaí straitéiseacha éagsúla atá ar bun chun an Ghaeilge a chaomhnú mar theanga an phobail agus chun meath na Gaeilge a chosc. Díríonn na hiarrachtaí seo ar úsáid na Gaeilge sa bhaile a spreagadh, fearainn a chruthú ina mbeidh úsáid na Gaeilge chun cinn, pobal na Gaeilge a thógáil le chéile agus é a chaomhnú, agus foghlaim na Gaeilge a spreagadh i measc an phobail nach bhfuil Gaeilge acu.

Tá plean teanga seacht mbliana scríofa le haghaidh Gaeltacht na Mí chun aghaidh a thabhairt ar dhul chun cinn na Gaeilge a chinntiú i réimsí éagsúla. ‘Sí an fhís a bhaineann leis an bplean teanga ná:

‘Tá sé mar aidhm ag an bplean teanga seo líon na gcainteoirí laethúla Gaeilge i Limistéar Pleanála Teanga Ráth Chairn agus Bhaile Ghib a ardú faoi 10.0% le linn na seacht mbliana dá chur i bhfeidhm, agus cur le líon na dteaghlach atá ag tógáil clainne le Gaeilge sa limistéar.’

 

Tá an plean teanga ar fáil ag an nasc thíos chomh maith le heolas i mBéarla agus na bearta a bhaineann leis an bplean.

Plean Teanga Ghaeltacht na Mí (PDF)
Bearta an Phlean Teanga (PDF)
Language Plan Summary (PDF)
Aims of the Language Plan (PDF)

© 2024 Coiste Pleanála Teanga Ghaeltacht na Mí

Polasaí Príobháideachais 

images.png
Gaeltacht1-300x300.png
  • Facebook
  • Instagram
  • X
bottom of page