top of page

Réimsí Oibre

138020695_3777320195685570_286801327281760513_n.jpg

Óige

Eagraítear réimse leathan imeachtaí don óige sa Limistéar Pleanála Teanga chun úsáid shóisialta na Gaeilge i measc na n-óg a chur chun cinn.

Tá club óige, ceardlanna drámaíochta agus ranganna éagsúla ar siúl sa Limistéar Pleanála chun freastal ar óige an cheantair.

Eagraítear campaí samhraidh do dhaoine óga atá ag foghlaim na Gaeilge agus gach bliain tagann daltaí chugainn ó fud fad an chúige.

​​

448889526_881373707356418_6306551380702741126_n.jpg
138020695_3777320195685570_286801327281760513_n.jpg

Ranganna

Eagraítear ranganna Gaeilge i Ráth Chairn gach téarma d’fhoghlaimeoirí na Gaeilge agus tagann daoine ó fud fad an chúige chun freastal orthu. Bíonn trí leibhéal ar fáil: bunrang, meánrang agus ardrang. Bíonn dianchúrsaí Gaeilge ar bun chomh maith.

Cara le Gaeilge

Eagraítear an scéim ‘Cara le Gaeilge’ cúpla uair sa bhliain. Is scéim é seo atá ar bun chun daoine le Gaeilge líofa agus daoine ar mian leo Gaeilge a fhoghlaim nó a gcuid Gaeilge a chleachtadh clárú uirthi. Déanann an tOifigeach Pleanála Teanga cainteoir líofa Gaeilge agus foghlaimeoir a mheaitseáil le chéile, a chur in aithne dá chéile agus a spreagadh le coinne a shocrú (m.sh. uair an chloig in aghaidh na seachtaine) le teacht le chéile in ionad neamhfhoirmeálta (m.sh. caifé, teach tábhairne) le Gaeilge a labhairt le chéile.

Oíche na bhFoghlaimeoirí

Eagraítear imeacht sóisialta d’fhoghlaimeoirí Gaeilge ar an Aoine dheireannach de gach mí sa Bhradán Feasa chun deis a thabhairt do dhaoine an Ghaeilge a fhoghlaim ar bhealach neamhfhoirmeálta agus taitneamhach. Coinnigh súil ar an leathanach ‘Imeachtaí’ chun eolas a fháil faoin gcéad imeacht eile.

448889526_881373707356418_6306551380702741126_n.jpg
138020695_3777320195685570_286801327281760513_n.jpg

Pobal

Eagraítear ócáidí rialta le haghaidh pobal na Gaeilge sa Limistéar Pleanála Teanga. Cuimsíonn na hócáidí seo imeachtaí na mbóithre (imeachtaí a eagraíonn an pobal féin don phobal), ranganna damhsa, ceardlanna agus cainteanna poiblí.

Eagraítear dinnéar na n-aosaigh gach bliain tar éis na Nollag.

Tá tógáil leanúnach ar bun maidir le ranganna éagsúla a chur fáil don phobal trí mheán na Gaeilge agus ba mhaith leis an gcoiste tuairimí an phobail a chloisteáil ina leith. 

448889526_881373707356418_6306551380702741126_n.jpg
138020695_3777320195685570_286801327281760513_n.jpg

An Córas Oideachais

Bíonn an-chuid comhoibrithe idir an coiste pleanála teanga agus na trí scoil atá lonnaithe sa Limistéar Pleanála Teanga: Bunscoil Uí Ghramhnaigh agus Coláiste Pobail Ráth Chairn atá lonnaithe i Ráth Chairn, agus Scoil Ultain Naofa atá lonnaithe i mBaile Ghib.

Cuimsíonn roinnt den chomhoibriú seo turais lae do dhaltaí scoile, tearmann teanga a chur ar fáil don óige agus cumainn iarscoile a reáchtáil.

448889526_881373707356418_6306551380702741126_n.jpg
138020695_3777320195685570_286801327281760513_n.jpg

Seirbhís Tacaíochta Teaghlaigh

Cuirtear seirbhís ar leith ar fáil do thuismitheoirí atá ag tógáil clainne le Gaeilge mar phríomhtheanga sa Limistéar Pleanála Teanga. Chun tacaíocht a chinntiú do na tuismitheoirí atá i mbun an ghnímh seo agus chun tuismitheoirí nua a spreagadh ina leith, aithnítear go bhfuil gá le sainseirbhís áitiúil chun plé le muintir an phobail.

448889526_881373707356418_6306551380702741126_n.jpg
138020695_3777320195685570_286801327281760513_n.jpg

SPÓRT

Tá trí chumann CLG a fhreastalaíonn ar phobal an LPT: CLG Bhulf Tón, CLG Chlann na nGael agus CLG Dhún Doire. Tá cumainn camógaíochta ag Clann na nGael agus ag Dún Doire chomh maith. Cé nach bhfuil siad lonnaithe sa LPT, bíonn pobal an LPT páirteach i gcumann rugbaí Átha Buí agus i gcumann lúthchleasaíochta an Athar Uí Mhurchú chomh maith.

448889526_881373707356418_6306551380702741126_n.jpg
138020695_3777320195685570_286801327281760513_n.jpg

Cumann Drámaíochta Ráth Chairn

Bunaíodh Cumann Drámaíochta Ráth Chairn sa mbliain 1973 faoi scáth Chomharchumann Ráth Chairn. Bhí an cumann an-láidir ar dtús agus tá sí fós ar an bhfód. Léiríonn an cumann drámaí gach bliain agus tá éirithe leis dul ar aghaidh chuig comórtais náisiúnta ar fud na tíre go minic.

Bhí Cumann Drámaíochta Ráth Chairn páirteach sa gComhlachas Náisiúnta Drámaíochta, a thug an-tacaíocht don chumann i gcónaí. Reáchtáil an chumann féilte drámaíochta i Ráth Chairn gach bliain agus bhí an Fhéile Náisiúnta ann faoi dhó i rith na mblianta.

Thug an compántas drámaíochta Taibhdhearc na Gaillimhe cuairteanna ar Chumann Drámaíochta Ráth Chairn go minic freisin, chomh maith le Craobh Liam Bulfin, Compántas Cheatharlach agus go leor eile.

Tá drámaí le John B Keane, Mairéad Ní Ghráda agus Johnny Chóil Mhaidhc léirithe ag an gcumann.

Bhain an cumann go leor gradam amach i rith na mblianta. Tá daoine óga anois i mbun an chumainn agus ag éirí go breá leo.

448889526_881373707356418_6306551380702741126_n.jpg

© 2024 Coiste Pleanála Teanga Ghaeltacht na Mí

Polasaí Príobháideachais 

images.png
Gaeltacht1-300x300.png
  • Facebook
  • Instagram
  • X
bottom of page