top of page

Seirbhís Tacaíochta Teaghlaigh

Cuirtear seirbhís ar leith ar fáil do thuismitheoirí atá ag tógáil clainne le Gaeilge mar phríomhtheanga sa Limistéar Pleanála Teanga. Chun tacaíocht a chinntiú do na tuismitheoirí atá i mbun an ghnímh seo agus chun tuismitheoirí nua a spreagadh ina leith, aithnítear go bhfuil gá le sainseirbhís áitiúil chun plé le muintir an phobail.

Cuimsíonn an tseirbhís seo:

  1. Saineolas a chur ar fáil do theaghlaigh nua maidir le clann a thógáil le mionteanga agus na teaghlaigh sin a spreagadh chun an Ghaeilge a roghnú mar theanga an tí

  2. Gréasán tacaíochta a fhorbairt de thuismitheoirí/theaghlaigh atá ag tógail clainne le Gaeilge

  3. Fearainn lán-Ghaeilge a chruthú ina mbeidh teaghlaigh ábalta teacht le chéile agus Gaeilge a úsáid mar ghnáth-theanga chumarsáide

  4. Feasacht a ardú sa phobal, go háirithe i measc na n-óg, maidir le tábhacht an Ghaeilge a chur ar aghaidh chuig an gcéad ghlúin eile go horgánach

  5. Dul i gcomhairle le teaghlaigh le Gaeilge maidir leis na riachtanais atá acu féin i dtaobh clann a thógáil le Gaeilge.                     

 

Eagraíonn an tSeirbhís Tacaíochta Teaghlaigh imeachtaí éagsúla chun teaghlaigh le Gaeilge a thabhairt le chéile agus oibríonn muid go dlúth leis an eagraíocht Tuismitheoirí na Gaeltachta san obair seo.

Má tá tú ag tógáil clainne le Gaeilge mar phríomhtheanga an bhaile, déan teagmháil linn chun tuilleadh eolais a fháil maidir leis an tseirbhís seo ag ursula@gaeltachtnami.ie

© 2024 Coiste Pleanála Teanga Ghaeltacht na Mí

Polasaí Príobháideachais 

images.png
Gaeltacht1-300x300.png
  • Facebook
  • Instagram
  • X
bottom of page